Tá Gaelbhratach bainte amach ag Coláiste Mhuirlinne/ Merlin College!

Is scéim ghradaim í Gaelbhratach a thugann aitheantas do scoileanna a ghníomhaíonn le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn tríd an scoil ar fad. Tá Gael-Linn i mbun Gaelbhratach sna scoileanna i gcomhpháirt le Conradh na Gaeilge ar an dara leibhéal agus Coláiste Mhuirlinne ag glacadh páirt í mblíana don chéad uair.

Tá sí mar aidhm ag an scéim Gaelbhratach scoileanna na tíre a spreagadh agus a chumasú le gníomhú chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn tríd an scoil ar fad ar bhonn pleanáilte, leanúnach, taitneamhach, ar bhealaí atá agus a mbeidh:

  • Spreagúil in úsáid na Gaeilge sa scoil

 

  • Spreagúil le comhoibriú gníomhach idir na mic léinn, na múinteoirí agus ceannasaíocht na scoile

 

Is iad na Cuspóirí Gaelbhratach do scoláírí  i gColáiste Mhuirlinne ná:

 

  • Go spreagfar agus go gcumasófar na scoláirí  le páirt ghníomhach a ghlacadh in úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa scoil
  • Go spreagfar agus go gcumasófar na scoláirí le feidhmiú go gníomhach mar cheannaire agus le scileanna eagrúcháin a fhoghlaim
  • Go mbeidh na scoláirí níos muiníne agus tiomanta leis an nGaeilge a úsáid, ní mar ábhar scoile nó teanga scoile amháin, ach níos mó mar rogha teanga ina s(h)aol pearsanta
  • Go mbeidh tuiscint níos fearr ag an mac léinn ar na deiseanna úsáide Gaeilge lasmuigh den scoil

 

I mbliana d’eagraigh Roinn na Gaeilge  réimse imeachtaí faoi leith, ar nós an cheoil, spóirt, imeachtaí sa phobail, srl.

Anois tá an Ghaelbhratach bainte amach again agus tá sé mar chomhartha aitheantais don obair ghníomhach ar fad a rinne an scoil le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn. Comghairdeas le Roinn na Gaeilge agus gach duine, idir scoláirí agus foireann, a chabhraigh leo an éacht seo a bhaint amach!